• Éadaoin Fitzmaurice

Mo Ghaeilge Neamhfhoirfe Agus An Grá Atá Agam Di

Thosaigh mé ag foghlaim gaeilge nuair a bhí mé thart ar ceithre bhliain d’aois agus bhain mé taitneamh as i gconaí.


To read this in english click here.

Tá cuimhne agam ar bheith i mo shuí i seomra ranga  i rang a  ceathar, le múinteoir cancarach. D’iarr sí orainn na briathra neamhrialta a ainmniú, cé nach raibh sí tar éis iad a mhúineadh dúinn go fóill ach bhí siad ar eolas agamsa. Bhí an freagra ceart agam, rud a chuir as dí, dar liom. Mhothaigh mé go rabhas tar éis bheith ag caimiléireacht.


Ar aghaidh ansin go dtí  an scolaíocht dara leibhéal nuair a d’fhág mé slán le mo chairde uile chun freastal ar ghaelcholáiste. Ní raibh aithne agam ar éinne agus bhí mé gan taithí ar bith ar ghaeilge a labhairt taobh amuigh den rang.


Sa scoil seo d’athraigh an suim a bhí agam i mo theanga dúchais go paisean. Bhí a fhios agam ón tús go mbeadh áit lárnach ag an ngaeilge i mo shaol as sin amach. Bhí sé seo de bharr an tslí dearfach a raibh an ghaeilge in usáid thart timpeall orm agus mé i mo dheagóir.


Bhí múinteorí agam ó gach cearn den tír agus iliomad cainiúintí acu. Gaeilge Chonnacht, Gaeilge na Mumhain, Gaeilge Dún na nGall. Mar sin fuair mé taithí ar ghaeilge shaibhir líofa nadúrtha nua aimsire.


Le mo thráchtas do mháistireach san iriseoireacht ar Ghaeilge sna meáin shóisialta.

Tar éis na hArdteistiméireachta theastaigh uaim leanúint ag an triú leibhéal le staidéar do chéim san "Iriseoireacht Agus Gaeilge" i gColáiste Ollscoile Bhaile Átha Cliath.

 

Bhí sé mar bhrionglóid agam post a fháil sa todhchaí mar léirtheoir teilifíse tré ghaeilge.

Ar an drochuair, cé go bhfuair mé grád A sa ghaeilge agus i bhfad níos mó pointí don chúrsa ná bhí ag teastàil, ní bhfuair mé áit ar an gcúrsa, de bharr an grád a bhfuair mé sa bhéarla. Bhí mé croíbhriste.


Ghlac mé le háit ar chéim sa Chumarsáid ach cheapas go gcaillfeadh mé mo ghaeilge agus an líofacht teanga a bhí bainte amach agam.


Ach bheartaigh mé gach iarracht a dhéanamh mo ghaeilge a chleachtadh agus a usáid go laethúil.


Chláraigh mé sa Chumann Gaelach sa choláiste agus d’fhreastal mé ar imeachtaí mar an Oireachtas agus “ Pop up Gaeltacht”. Fuair mé taithí ar chainúintí éagsúla agu phioc mé suas nathanna agus foclóir nua. Tháinig feabhas dochreidte ar mo ghaeilge labhartha i rith mo chuid ama san ollscoil.


Lean mé mo bhunchéim le máistreacht san iriseoireacht radio agus teilifíse agus choiméad mé mo ghrá don ghaeilge i ngar dom. Bhunaigh mé mo thráchtas ar Ghaeilge agus mar a bhí na meáin shoisialta in usáid ag dreamanna áirithe chun í a chur chun cinn.


Bhí an Ghaeilge mar chuid de mo fhéiniúlacht agus de mo scéal i rith na blianta tábhachtacha sin de mo shaol.


Tá saibhreas teanga sna gaeltachtaí agus caitheann daoine tréimhsí iontu ag iarraidh a gcuid gaeilge a fheabhsú. San iarthar i gConamara, tá an ghaeilge tapaidh agus nadúrtha. I measc sléibhte Dhún na nGall tà a nathanna féin agus a ngraiméar féin acu.


Tá an ghaeilge a chloisfidh tú sna gaeltachtaí ceolmhar mar is teanga dúchais na daoine í le cianta agus sin an ghaeilge a chloisfidh tú de gnàth ar na meáin.


Ní go rómhinic a chloisfidh tú gaeilge mar an ghaeilge a labhraím .


Is mór an trua é sin.


An mbeadh mé sásta mo ghaeilge a athrú agus aithris a dhéanamh ar ghaeilge na gaeltachtaí?


Ní bheinn!


Bhuail mé le déanaí le fear a d’aithin mé ó mo chainéal YouTube “Tusa Tube” a dhéanaim le mo chara Caoimhe. Is cainteoir ó Dhún na nGall í Caoimhe. Tá ár gcainéal speisialta ós rud é go bhfuil ár gaeilge labhartha chomh difriúil ó chéile. Bímid ag tathaint ar a chéile faoi sin go minic inár bhfíseanna.


Dúirt an fear seo liom “Bhfuel, caithfidh tú a admháil nach bhfuil do ghaeilge chomh maith le gaeilge Chaoimhe”.


Rinne Caoimhe staidér ar ghaeilge san ollscoil agus tá caighdeán gaeilge níos fearr aici cinnte. Ach ní hé sin a bhí i gceist ag an bhfear seo ach go riabh "Gaeilge Átha Cliath" agam.


Is grá liom mo ghaeilge mar ls leiriú é nach gá duit bheith ón ngaeltacht le gaeilge a labhairt go líofa. Is meascán caintiúintí í mo chuid gaeilge agus ceapaim féin gur rud dearfach deas álainn é sin.


Níl sé foirfe ach sin mise.


Uaireanta bíonn éilíteachas i gceist le gaeilge. Níl aon am agam do thuairim mar sin. Má tá duine sásta an teanga a labhairt cén fáth locht a fháil orthu faoi sin?


Sure nach bhfuil ceann do na seanfhocail is cáiliúila ná: “ Is fearr gaeilge briste nà béarla cliste”.?


Chuir an fear a cháin mo ghaeilge as dom. Rinne sé iarracht mo ghaeilge labhartha a lochtú agus a chuir in iúl dom nach raibh mé maith go leor.




Deireann a lán daoine liom go bhfeiceann siad ar TusaTube agus go dtuigeann siad mo ghaeilge cé go mbíonn sé  deacair dóibh  gaeilge a thuiscint go minic ar an radio nó ar an teilifís.


Teastaím uaim go gcloisfidh siad mé agus go smaoineoidh siad “ is féidir liom é seo a thuiscint. Tá sé agam go fóill. Bheinn ábalta í a labhairt”


Tá sé tábhachtach go bhfuil cainiúintí difriúla agus cainteoirí gaeilge éagsúla sna meáin agus go bhfuil an teanga ar fáil do gach éinne.


Cuireann cumas teanga sa ghaeilge áthas ar chainteoirí líofa agus tá sástacht freisin ar fáil dóibh siúd atá ag iarraidh a ghaeilge a fheabhsú.


Cruthaíonn mise gur féidir le héinne gaeilge a fhoghlaim, a labhairt agus líofacht teanga a fháil.


Má tá tú ag smaoineamh ar ghaeilge a fhoghlaim nó do ghaeilge a fheabhsú... Déan é.


Ná lig d’éinne cur as duit. Chruthaigh sé iliomad deiseanna dom agus mothaím bród nuair a labhraím í. Ní gá duit bheith in áit speisialta, freastal ar scoil speisialta nó teacht ó chlann gaeltachta ....is féidir í a phiocadh suas díreach anois má theastaíonn uait.


Seo roinnt moltaí : 


-TusaTube (mise agus Caoimhe)


-Bloc on YouTube


- Duolingo


- Classes

-cnag.ie

-gaelchultur.com

-nightcourses.com


-Pop Up Gaeltacht


-Podcasts

- Beo Ar Éigean

- Motherfoclóir


Mar fhocal scor ba bhreá liom ceann de na seanfhocail is fearr liom a roinnt atá ábhartha don alt seo:


Ní neart go cur le chéile.